Mar Maior cover

Gran Sol Paroles

Luar Na Lubre

Album Mar Maior

Paroles de Gran Sol

Óró, sé do bheatha 'bhaile,
Óró, sé do bheatha 'bhaile,
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.

Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
Do b' é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
Is tú díolta leis na Gallaibh.

Chorus

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
Óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh,
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

Chorus

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam,
Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

Chorus