Home
Top Artistes
Top Paroles
Ajouter Paroles
Contact
menu
search
Contactez-nous
Artiste:
Clannad
Titre:
Seachran Charn Tsiail
Assurez-vous que les corrections sont tout à fait exactes
S'il vous plaît, les mettez en évidence en quelque sorte!
Vous pouvez, par exemple, écrire
INCORRECT: avant la mauvaise ligne
CORRECT: avant la correspondant ligne correcte
Autrement, nous ne pouvons les corriger pas! Merci pour votre aide.
Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom, Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mór Tharla an ainnir as an taobh aniar dom Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród. Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól, Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós. Bheannaíos féin go preab don mhaighdean Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór, D'fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród. D'fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine, Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg, Go mb'annamh a chonaic sise sac ma éideadh Ar fhear ag bréagadh cailín óg. A chúileann fáinneach, má thug mé grá duit Ná cuir i gcás mé fá bheith gan dóigh, Agus gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaí bána, Fíon na Spáinne gheobhair seal le hól. D'fhiafir sí domhsa an mar siúd ba ghnách liom Bheith ag siúl na n-ardán ar bheagán stró. Is é duirt mé léithi nár chleacht mise 'athrach, Ach ainnir álainn agus gloine ar bord. Níl siúd áit ó íochar Fhanad Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó, Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach, Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór, Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach, Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair, Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin 'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid.