Other cover

Bata is Bothar Paroles

Karan Casey

Album Other

Paroles de Bata is Bothar

Ó chaitheas-sa seal i measc na bponcán
Ag codailt amuigh fé chrann mo dhóchais
Ag réabadh fallaí a thóg m'athair romham
Idir é is an doicheall i bhfuinneog a súl

'Sea thugamar go fial dóibh a raibh againn le tabhairt
Bata is bóthar is fonn abhaile
'Sea téir abhaile go h-ifreann
Is fan sa bhaile as Éirinn
Is chuas ina dhiaidh sin go Londain groí
Mo dhá láimh liom is mé liom féin
Dá mbeinnse céad bliain ag doras Sheáin Bhuí
Ní bhfaighinn bheith istigh i ngar dá chroí

'Sea thugamar go fial dóibh a raibh againn le tabhairt
Bata is bóthar is fonn abhaile
'Sea téir abhaile go h-ifreann
Is fan sa bhaile as Éirinn

Is bhíos ag a' deireadh i ndeireadh an domhain
Ag luí béal faoi ibpoll an uaignis
Ag scríobadh na cré i dtrínse ró mhór
A bhí chomh cúng le huaigh mo linbh

'Sea thugamar go fial dóibh a raibh againn le tabhairt
Bata is bóthar is fonn abhaile Ag iarraidh dídean ó racht na farraige
Ní bhfuaireas-sa ann ach airgead ag méileach
Is fliuchadh mo bhéil de mo dheora féin

'Sea thugamar go fial dóibh a raibh againn le tabhairt
Bata is bóthar is fonn abhaile
'Sea téir abhaile go h-ifreann
Is fan sa bhaile as Éirinn